Tagann crónán an tráchta aniar an loch ar maidin geall le meáchan ar uisce, géaraíonn faoileáil na n-éan cladaigh a ghlór balbh, creathadh téada ar sheol báid a tarraingíodh aníos, glór seanchnámh ag clagarnach.
Tá boladh na farraige sa chathair, taca goirt an tsáile á thuile in aghaidh an tsrutha um thráthnóna, faoileáin ag cuardach fuílleach bia, droichid mórthimpeall Sheanteach an Chustaim leis féin. Eitlíonn eitleáin amach lasnairde, tonn bhán a marbhshrutha sa spéir fhíorghorm.
Oileánra solais é an cuan um thráthnóna, is oileán gach baile timpeall a bhéil chúng, agus is sionapsa den mhuir ionainn gach fánán agus cé. Croitheann an ghaoth snámh na luamh ar a mbealach amach chuig an aigéan lá geal, thar bhreacachan páirceanna eorna a bhfuil dath an óir orthu taobh leis an uisce.
Bíonn an bhá ag broidearnach istoíche le solas glas, sníonn baoithe marcála cosán amach chuig an aigéan, ligeann an tAtlantach osna thonn le hoileáin i gcéin. Cnoic dhroimneacha charraige atá ar imeall theas na spéire, a raibh dath labhandair orthu sular theith an solas, agus dath corcra anois ar a mbeanna, atá ag sciorradh uainn ar dhul siar don ghrian.
Tá portach agus sruth, uiscebhealach agus abhainn, dríodar, ceobhrán agus báisteach istigh faoin tír, an t-oileán as uisce a rinneadh. Baintear sásamh as an uile ní mar aon ní amháin ar shiúl tríd, an fhuacht agus an solas in éineacht. Is baolach an bealach é seo sa gheimhreadh, ní cinnte don todhchaí, taibhreamh trom scriosta agus millte. Amach ón oileán seo, análaíonn an t-aigéan i rachtanna éadoimhne atá srianta ag smionagar. Imlíníonn plaisteach a urthrá, tuartha bán ag an ngrian agus ag uisce. Briste, scaiptear a chodanna isteach san fharraige, geall le hiliomad gráinní gainimh.
Déanann an gaineamh lapadaíl isteach san fharraige go ciúin, seasann an balla cloiche, séideann gaoth na stoirme le ruathar trína bhearnaí lámhdhéanta. Tá béal abhann agus inbhear, tearmann don dobharchú, sól agus don fháinleog ann go fóill. Tá scairbh an aigéin níos faide i gcéin, a dtagann planctón agus míolta aníos óna duibheagán, teachtairí ó uisce domhain an láir, níos faide síos ó eangacha na dtrálaer.
Tagann tuile ar uiscí an domhain amhlaidh le hanáil an domhain, cuimlíonn taoidí ag tuile agus ag trá le rithim na beatha a oileáin. Long agus tairseach, cuan agus tearmann é an t-oileán sna farraigí seo, ní fios a bhfuil ann, tagann athrú air le gaoth agus le séasúr. Is uilíoch dá thoisí, a thomhaiseann réaltaí i leith a chomharsana. Níl deireadh lena theorainneacha, foirm shíorathraitheach é a líne shnámha, atá chomh héagsúil le stair theacht chun cinn an duine. Bheifí ag brionglóideach agus é á shiúl, fuaim na sliogán agus na gcloch faoi na cosa, bualadh bodhar an ama ársa, leoithne sa chluas istigh, uisce á chur leis na súile.
Glaonn an fharraige ar lá níos teo, tagann an fhuacht aníos tríd an scairt, bíonn ruathar faoin anáil nó go gceansaíonn rithim an uisce í, an snámhaí ag bogadach ar na tonnta. Is éagsúil an cladach gach uair a fhéachtar siar air. Bíonn paiste buí feamainne ina luí ar na carraigeacha, ar uairibh. Bíonn an uile ní liath ag amanna eile, dlús doiléir dathanna leamha, a fheictear ar feadh bomaite gearr trí screamh sháile. Bhíomar ag snámh tráthnóna samhraidh amháin sa Spidéal i dtírdhreach carraige ar nós fásaigh faoi spéir oráiste na gréine ag dul faoi, faoi mar a bhíomar ar domhan eile i bhfad i gcéin. Is cuma oileán mór nó beag, spás aistrithe atá sa limistéar idir talamh agus muir, ina gcuardaíonn an corp, agus an intinn, tuiscint nua ar ár suíomh.
Spás istigh ionainn é Uí Breasail seo. Dá mhéid a fhéachaimid thart orainn, is ionann a fhéachaimid istigh ionainn féin, níl ionainn ag aon tráth amháin ach tuairimí, eispéiris, uaillmhianta agus mianta i dteannta a chéile. Aisling thráiteora sinn, a scuabadh le trá agus a cuireadh leis an smionagar eile a tarrtháladh ón gcladach. B’fhéidir go dtiocfaimis ar an todhchaí dá gcuirfí le chéile sinn. Ba scéala, taithí agus ádh a threoraigh na loingseoirí luatha. Tá léarscáileanna digiteacha agus satailítí anois againn. Rúndiamhair go fóill iad na brionglóidí a mhúnlaíonn ár gceann scríbe, a ngoilleann an t-aigéan aigéadach agus athrú aimsire orthu, nach féidir teitheadh faoin tír uathu. Pé áit a bhfuilimid, luascann scamaill isteach ón aigéan, a chuireann in iúl go bhfuil todhchaí romhainn nach bhfuil aon chur amach uilíoch againn uirthi.
Gabhann ár ndídean siar níos faide ná mar a shíneann cuimhne an duine. Tá sé faoi cheilt i locháin charraige agus uiscí éadoimhne, agus múnlaíodh é ina foirmeacha de smugairlí róin, de bhairnigh agus de phortáin. Maireann sé i gcloch, a bhfuil a scéalta níos ársa ná focail. Tagann sé i láthair i lámha beaga, luascann sé carraigeacha thart sna huiscí éadoimhne, screadann sé ar uisce taoide a shreabhann thar bhuataisí rubair le ruathar. Braitear é nuair a dhéanann rudaí beaga teagmháil linn, agus bíonn a ghlór le cloisteáil i gcomharthaí tostacha i bhfoirm crainn chromtha ag an ngaoth aniar, an scata faoileán ar an aill, an ghaoth greanta ar ábhair foirgneamh tréigthe. Bíonn sé seasmhach, fiú agus é ag athrú. Glacann sé am, is cuma a mhoille atá sé.
Braitear fírinne fhaiteach ár dtrátha shuaite i gcruthanna doimhne thírdhreach an chósta. Déanann sléibhte, atá chomh géar le faobhar teorainn leis an bhfarraige amach ó Ghaillimh, agus ceileann scamall na beanna briste. Níos faide ó dheas, tá Sceilgí chomh fada amuigh go dtugtar an talamh faoi deara mar athrú sa spéir, scaipeann an solas i gcéin thar aillte agus goirt nár baineadh súil astu. Tumann na gainéid ón áit seo anuas ó na flaithis mar a bheadh saigheada isteach in uisce. Tá Atlantas na mianta spíonta, na himpire, na coilíneachta agus an cheannais báite ag tóin poill áit éigin. Tá na fothraigh siúd millte ag truailliú agus níl aon teacht aniar i ndán do thréigeadh agus d’éadóchas lucht a gceannais. Tá an léaslíne thiar, lúbann luí na gréine an pláinéad ar ais i dtreo Panthalassa, aigéan an uile ní.
Is féidir linn, fiú anois, machnamh arís, gan eagla, ar ár n-oileán, fís chéadfach agus choiteann, a tharraingítear go héadomhain i línte scuabacha taoide a shiúlaimid le chéile. Óir tá a rithim rhythm féin ag gach oileán, a ghluaiseann trí dhaoine agus foirgnimh, bóithre, cnoic, tránna, crainn, plandaí, agus éin. Déanann sé monabhar san oíche sna tonnta a bhriseann ar an gcladach dofheicthe. Déanann sé crónán i gcaitheamh an lae ar géire beagán faoi bhun ghéire siúd na gaoithe. Cleachtas brionglóideach airde é seo a choimeád ar intinn, ar oileán atá ceangailte le hoileáin eile gach aonán, agus ar cuid de mhíreanna mearaí gach ceann díobh a thugann an té chomh fada le hUí Breasail.
Mairimid i dtráthnóna fada na farraige thiar, de réir mar a sceitheann an solas uainn. Tá blúirí liatha mórthimpeall orainn de shaolta roimhe seo greanta ar shlinnte briste agus ar chlocha tite, taibhsí iontaise bíseacha ar chreatlacha nochta na n-aoiseanna. Tá borradh ag teacht faoin tost ar an gcladach, tá na héin ag teacht aníos ón spéir, tá línte folmha á dtarraingt isteach ag slatiascairí. Tá uisce dorcha agus spéir atá ag ísliú amach romhainn, tá clocha duirlinge á gcorradh ag tarraingt na taoide. Tá pláinéid eile ar lasadh sa dorchadas os ár gcionn, na réaltaí in éineacht leo, Véineas agus an Réalta Thuaidh. Frithchaitear an fharraige sa spéir sa tráth gearr seo, blúire de bhlúire de bhlúire d’aga an aigéin, an bealach chun cinn ar aistear thar oileáin an té a bhíodh ionainn.
Tuar é Uí Breasail ar an todhchaí seo. Múnlaítear a ailtireacht ó theanga agus taithí na mílte blianta, ó idirghníomhú na beatha uile in éiceolaíocht bheo uisce, chloiche agus spéire. Patrún na háite agus an earra atá ina chosmeolaíocht a múnlaíodh in ábhar téada, slinne, gainimh agus páipéir. Maireachtáil atá ina dhóchas, i ndlúthpháirt le gach ní timpeall orainn, idir cois cósta agus i gcéin. Ábhar síoraí aislinge, ama agus an léirithe í an bheatha ar an oileán seo. Léirítear limistéar na healaíne trí charraig agus tonn, éan agus iasc. B’amhlaidh a bhí sular thug Mac Suibhne faoi na crainn agus theith agus foghlaimímid an teanga sin arís, ó bhéal, ar láimh, agus inár spiorad.