Is cinnte go bhfuil an dóchas le brath in aimsir seo an Earraigh le tamall anuas. Baint mhóna, uan ag léim, boladh láidir cosúil le cnó cócó ó na sceacha aitinn ar a bhfuil dath geal buí á shéideadh san aer agus éirí lonrach na gréine.  “Scread na Bealtaine” - tá scread dheireanach an Gheimhridh, an stoirm dheireanach (le Cúnamh Dé), imithe tharainn anois agus fanaimid anois le glaoch na cuaiche a chuirfidh in iúl go mbeidh aimsir níos fearr agus laethanta fada samhraidh ag druidim linn.

Tiocfaidh beirt chuairteoirí speisialta go hOileán Árainn Mhór chun tús a chur lena gcónaitheachtaí ealaíontóra. Rinceoir óg atá i nduine amháin díobh, atá lán le brí agus fuinneamh. Tá láthair nua bheoga bainte amach ag Edwina McGuckian don rince traidisiúnta i Liatroim agus ar fud na tíre. Cuirimid fáilte roimpi go hÁrainn Mhór an deireadh seachtaine seo chun casadh le roinnt de na daoine breacaosta ar cuimhin leo na rincí iontacha sa halla; Highlands, Maggie Pickins agus ceol fiáin fidle Neily Boyle. 

Beidh Zoé Basha, ceoltóir, cumadóir agus siúinéir, i dteannta linn freisin ar an oileán. Chuaigh ceol ó na Stáit Aontaithe, an Fhrainc, Éire agus snagcheol, luascadh, amhráin Apaláiseacha agus ceol Gaelach traidisiúnta i gcion uirthi agus táimid ar bís í a fheiceáil ag idirghníomhú le hamhránaithe ar an oileán, go háirithe an ghlúin níos óige, le beocht úrnua a mhúscailt i roinnt de na seanamhráin ón áit seo. 

Cruthóidh Edwina agus Zoe agus ealaíontóirí eile saothar rince/saothair cheoil nó deiseanna d’oileánaigh páirt a ghlacadh ar bhealach nua lena n-oidhreacht agus na ceangail agus an fuinneamh nua seo a thabhairt ar ais chuig an oileán d’Fhéile Róise Rua an 19 Bealtaine.

“Bunaíodh Féile Róise Rua in 2018 mar fhéile dheonach phobalbhunaithe chun an traidisiún ceoil agus amhrán áitiúil ar Árainn Mhór a athbheochan, go háirithe ceol an amhránaí agus an bhailitheora ceoil áitiúil, Róise Rua nó Róise na nÁmhrán. Bean a bhí i Róise a mhair saol simplí i dtaobh rachmas saolta ach bhí saibhreas amhrán, scéalta agus ‘leighis’ nádúrtha/spioradálta sláinte aici. Tá saibhreas i saol Róise atá soiléir go fóill i measc na n-oileánach inniu ar minic nach eol dóibh an saibhreas scéalta, cultúir agus cuimhní atá acu. Tá mar aidhm ag an bhféile a aithint go ndéanann oidhreacht chultúrtha shaibhir na cuimhní atá ag daoine sa cheantar seo a spreagadh. Tháinig an fhreagairt ollmhór don fhéile sa chéad bhliain aniar aduaidh ar gach duine. Díoladh gach ticéad don fhéile go han-tapa. Shil go leor oileánach a d’fhreastail deora nuair a chonaic siad an phreabchartlann taifeadtaí d’oileánaigh atá imithe ar shlí na fírinne, nó na ceolchoirmeacha agus na cainteanna.”

Buaileadh sinn ag Covid 19 an bhliain dar gcionn. Tháinig athrú suntasach ar na pleananna don fhéile agus chuireamar féile ar líne, de chineál, ar siúl inar chuir daoine áitiúla agus ealaíontóirí na féile físeáin ar fáil agus tiomsaíodh breis agus €7000 don ionad pobail áitiúil. Mol gníomhaíochta cultúrtha agus sóisialta ar an oileán é an t-ionad pobail (Comharchumann Forbartha agus Fostaíochta Árainn Mhór/CFFÁM) agus is eagraíocht chomharchumainn é atá ríthábhachtach maidir le beatha agus meanma an phobail seo agus a bhí i mbaol a dhúnta murach gníomh agus gníomhaíocht gheilleagrach na ndaoine féin. Ba ríléir an fonn a bhí ar an bpobal an ghníomhaíocht féile cultúrtha a chur ar siúl agus an tacaíocht a thug an t-ionad pobail. Bheadh orainn bealach a aimsiú leis an bhféile cheoil agus ealaíon nua a choimeád beo in ainneoin na paindéime.

Cruthaíodh ceangal nua tábhachtach an bhliain dar gcionn, tráth ina raibh roinnt dianghlasála agus scaradh sóisialta ar siúl. Tar éis cruinnithe leis an gComhairle Ealaíon agus le comhlachtaí eile cistithe, d’ullmhaigh ár gcairde in Other Voices agus Tiny Ark ár gcéad fhéile bheoshrutha linn. Chruthaigh an t-ealaíontóir grafaicí Jesse Smith (@blackroguedesign) saothair ealaíne fhíoráille arís eile don scáileán agus na meáin chlóite. Rinne na healaíontóirí cáiliúla Steve Cooney, Mairéad Ní Mhaonaigh, Radie Peat, Brían Mac Gloinn, Thomas McCarthy, Brian Danny Minnie, Nia Byrne, Bridge Chaimbeul agus Anna Gallagher ón oileán féin siamsaíocht ar fáil don lucht féachana ó gach cearn den domhan i seisiún cluthar ceoil bheo. Rinneamar an fhéile a shruthú beo chuig breis agus 45 tír timpeall an domhain agus do lucht éisteachta breis agus  32,000 duine. Chuir an leathanbhanda ar an oileán an ceangal idirlín ar fáil don sruthú beo seo, a cuireadh ar bun a bhuíochas le comhpháirtíocht idir Comhairle áitiúil an Oileáin agus Three Ireland. Chruthaigh Myles O’Reilly, scannánóir iontach, píosa álainn scannáin mar chuid den léiriúchán a chuir na healaíontóirí agus roinnt de mhuintir áitiúil an oileáin in aithne; bhí Ellen Nappy agus Hugh Nancy ag caint agus ag canadh i gclós theach Ellen in Athphort, bhí Anthony Donnelly i mbun a shaothair ar an bportach agus timpeall an tí solais, chas Aoife Ní Ghloinn ceann d’amhráin Róise Rua go draíochtach ag Bothán Donnelly agus an ghrian ag dul faoi laistiar di agus bhí Jerry Early ag iascach. Tugadh spléachadh an-phearsanta don lucht féachana ó áiteanna timpeall an domhain ar an saol ar Árainn Mhór chomh maith leis an deis bheith i láthair ag seisiún uathúil ceoil thraidisiúnta agus amhránaíochta ina raibh scoth na n-ealaíontóirí traidisiúnta ag Óstán an Ghleanna, Árainn Mhór.

Beidh gníomhaíocht i gcuideachta a chéile i gceist leis an bhféile arís i mbliana. Is é téama na féile an Mhaighdean Mhara, duine ón domhan eile, ilchruthach. Tá an scéal seo curtha i láthair i bhfoirm scéalaíochta agus amhránaíochta agus filíochta ag idir Disney agus Séamus Heaney agus na seanchaithe nó na scéalaithe áitiúla. Is é amhrán na Maighdine Mara ceann de na hamhráin phobail is sine in Iarthar na hEorpa agus tá cur amach ag go leor daoine ar an amhrán i nDún na nGall agus cantar go minic ann é. Insíonn Eithne Ní Ghallchobhair an scéal agus tugann sí foláireamh ar leith don éisteoir súil a choimeád i gcónaí ar do “craiceann róin”, bunús an duine atá ionat. Baineann an scéal le féiniúlacht agus cailleadh na féiniúlachta nó leis an bhfíordhuine atá ionat a chuardach. Scéal é faoi mhná, scéal faoin uaigneas, scéal faoi thinneas baile, scéal faoi chumhacht agus mí-úsáid na cumhachta, scéal faoin ngrá, scéal faoin teaghlach, scéal faoin bhfarraige. Insíonn Eithne an scéal agus cuireann sí an léitheoir ar an eolas faoi bhás. De réir an tseanchais, bíonn trí bhás ag gach duine. Is é an chéad bhás nuair a fhágann an anáil an corp. Is é an dara bás nuair a dhéantar ithir den chorp. Is é an tríú bás nuair a luaitear ainm an duine sin den uair dheireanach. Déanaimid iarracht cuimhní na ndaoine siúd atá imithe ar shlí na fírinne a choimeád beo trí amhráin, scéalta agus na healaíona. Aitheantas na háite a choimeád beo. Tosaíonn an bheatha seo as an nua sna chéad ghlúnta eile, ar ceangal í idir an seansaol agus an saol nua, an duine agus an áit, cultúr agus oidhreacht uathúil ár n-oileáin, ár gcraiceann róin.